Naisc/Quicklinks
Pictíúr/Gallery

Nuachtlitir/Newsletter

AN GEAITÍN
CLICEÁIL ANSEO DON EAGRÁN IS DÉANAÍ
(Latest Edition)

 

An í an Ghaeilge do rogha teanga?

An í a labhraíonn tú le do chlann?

Más ‘Is í’ an freagra atá agat ar aon cheann de na ceisteanna sin

TITHE LE DÍOL I RÁTH CHAIRN– bí ag caint linne.

 

 

 

 

 

 

 

 

Conaí sa nGaeltacht

An í an Ghaeilge do rogha teanga?
An í a labhrann tú sa teach?
An í a labhrann tú i do chuid oibre?
An í a labhrann tú le do chéile nó le do mhuintir?
An í a labhraíonn tú í le do chlann?

Teach Lynch
Teach Phóil
Teach ar acra talún ar an margadh i Ráth Chairn. Chúig sheomra leapa. Tuilleadh eolais ar fáil ó 046 9027666.
Teach ar dhíol i Laimbé le cheithre sheomra leapa. Tuilleadh eolais ar fáil ó Pól Ó Gruagáin 086 269 57 93.


Más ‘Is í’ an freagra atá agat ar aon cheann de na ceisteanna sin – bí ag caint linne.

Gaeltacht bheo bhríomhar í Ráth Chairn. Tá sí ag fás an t am ar fad de réir mar atá níos mó daoine le Gaeilge ag teacht chun cónaithe ann.

Timpeallacht tuaithe atá i Ráth Chairn. I measc na n áiseanna atá againn tá scoileanna, leabharlann phoiblí, séipéal, páirc peile, áras pobail, club, naíonra, agus seirbhísí comharchumainn. Tá Ráth Chairn 3 mhíle ó Bhaile Átha Buí, (féach www.athbui.com), 6 mhíle ó Bhaile Átha Troim, 10 mile ón Uaimh agus 33 ó Bhaile Átha Cliath. Tá seirbhís rialta bus go Baile Átha Cliath ag freastal ar an nGaeltacht.

Bíonn imeachtaí go leor ag dul ar aghaidh sa nGaeltacht seo: ceol, amhránaíocht, drámaíocht, seanchas, mar aon le ranganna oíche agus go leor eile. Bíonn dreamanna difriúla á n eagrú – féach Coistí ar an suíomh seo.

Ar mhaith leat cónaí i nGaeltacht Ráth Chairn? Dá mba mhaith, b’fhiú duit labhairt linn. B’fhéidir go mbeadh Comharchumann Ráth Chairn in ann cabhrú leat.

Ó ham go chéile, bíonn teach nó suíomh sa Ghaeltacht ar díol, nó ar fáil ar cíos. Amanna bíonn daoine ag iarraidh teacht ar roinnt. Má bhíonn, beidh a fhios againne é. (Féach an colún ar dheis anseo.)

Thaistil go leor eile an bóthar seo romhat ó tháinig muintir Chonamara anseo den chéad uair sa bhliain 1935. Ó shin i leith tá Gaeilgeoirí ó chuile cheard d’Éirinn i ndiaidh a theacht chun cónaí anseo, sa nGaeltacht beag álainn seo. An bhfuil suim agatsa ann? Ní gá duit ach teachtaireacht a chur chugainn rathcairn@eircom.net nó glaoch ar 046 94 32381


Céard tá ar fáil faoi láthair?

  • Tithe ar díol
  • Suíomh ar díol

Má tá suim agat in aon cheann de na nithe sin thuas, bí i dteagmháil le Pádraic Mac Craith, Bainisteoir an Chomharchumann-046 9432381

Ní ceantálaí é Comharchumann Ráth Chairn agus is féidir linn sibh a chur ar an eolas.