An Geaitín |
Is mian le Comharchumann Ráth Chairn beannachtaí na Nollag a ghuí ar ghach duine sa phobal agus ar ghach duine a bhí páirteach linn ar bhealach ar bith agus a thug cabhair nó tacaíocht dúinn i rith na bliana. Guíonn muid gach rath agus áth ar ár bpobal i rith na bliana 2010. Cé go bhfuil seans maith go mbeidh rudaí crua agus deacair go leor, le cúnamh Dé, tiocfaidh muid ar fad tríd.
|
|
Tá Glór na nGael ag cur suas duais de €50 ar mhaithe le h-ainm feiliúnach d'fáil do na h-aonaid oifige. Má cheapann tú go bhfuil ainm feiliúnach agat agus gur mhaith leat a bheith istigh le seans an €50 a bhuachaint déan teagmháil le h-oifig an Chomharchumainn nó le h-oifig Ghlór na nGael. Ba mhaith linn na h-iarratais a bheith again roimh an Aoine 15ú Eanáir 2010le bhur dtoil
|
Le Díol |
Troscán le díol:1. Bord proinne mahagaine 70x42. Athchóirigh le gairid le gnénuachta1910. Troscán dhá bhliain d'aois do sheomra codlata; leabhragán,feisteas, cófra tarraicean, taisceadán, bosca pluideanna. Dhá lampa stíl seandacht le scáile práis, téac cabhlach agus gloine cruinneor. Tuilleadh eolais 086 82 53 314. |
Club Iarscoile |
Tá seirbhís Club Obair Baile á reachtáil anseo i Ráth Chairn faoin scéim Pleanáil Teanga. Reachtáiltear é ón Luan go Déardaoin i rith na scoil bhliana chun cabhrú le páistí bunscoile an chuid is mó dá n-obair bhaile a bheith déanta acu sul má théann siad abhaile. Má tá aon smaointe agat faoi nó mo mhaith le go mbainfeadh do pháiste úsáid as an t-seirbhís cuir glaoch orainn san oifig 046 9432381 |
Club Déagóirí |
Bíonn an Club Déagóirí ag bualadh le chéile Chlub Surf gach Máirt idir 6in agus 7in. Má tá breis eolais uait is féidir glaoch ar
Bhríd 087 251 50 82. |
Ranganna Gaeilge 2010 |
Reáchtáiltear ranganna Gaeilge san Áras Pobal ar an Luan 18ú Eanáir 2010. Baintear úsáid as an síobalus a théann le Teastas Eorpach na Gaeilge sna ranganna seo agus is féidir an scrúdú a théann leis a shuí in Ollscoil Má Nuad san earrach más mian leat teastas a bhaint amach. |
Seirbhís Leabharchoimeádaí
|
Seirbhís Leabharchoimeádaí ar fáil le thaithí, Párolla, CBL, srl. Leag uait an fhadhb páipéarachas, beag nó mór tá mé ar fáil chun cabhrú leat. Sinéad 086 825 33 14
|
Rang Gaeilge Maidine |
Beidh an rang Gaeilge ar ais ar an Máirt 19ú Eanáir 2010 10.50rn-11.50rn . Tuilleadh eolais 046 9432068
|
Club Laí |
Ar mhaithe le ceangal níos fearr a choinneal leis an sean saol ba mhaith linn Club Laí a chur ar bun i Ráth Chairn. Beidh an cruinniú chinn bhliana ar siúl ag Cumann Laí na hÉireann sa Ghlasán (Glasson Golf Club) ar an Domhnach 17ú Eanáir agus tá míle fáilte roimh duine ar bith ar spéis leo freastal ar an gcruinniú seo. Beidh Cumann Laí na hÉireann sásta cabhair, comhairle agus tacaíocht a thabhairt dúinn chun an club a chur le chéile agus lá ag déanamh iomracha i Ráth Chairn a eagrú le linn an Earraigh. B'fhéidir go luiffidh an smaoineamh seo isteach go deas le comóradh 75.
|
Adhmadóireacht |
Beidh cúrsaí adhmadóireachta á reachtáil i gcomhair le Comharchumann Ráth Chairn, Coláiste Pobail Ráth Chairn agus Pastimes Chonamara. Beidh deileadóireacht adhmaid agus déanamh bord traidisiúnta caife faoi chaibideal agus tá na cúrsaí oscailte d'fhir agus mná agus do dhaoine gan taithí ar bith nó daoine ar mian leo feabhas a chur ar na scileanna ata acu.I rith Feabhra a bheidh na cúrsaí ar fáil agus más mian leat a bheith páirteach glaoigh orainn go luath chun d'áit a chur in áirithe 046 9432381
|
Gym Ráth Chairn |
Má tá suim agat an Gym a úsáid, cuir glaoch ar oifig an Chomharchumainn (046) 9432381. Ballraíocht €100 sa mbliain nó €60 le haghaidh sé mhí.
|
Túistí agus Páistí |
Beidh an grúpa tuistí agus páistí ag teacht le chéile gach Mháirt sa Chlub Surf le hais an Árais Phobail idir 9.30-11.30rn. Tá míle fáilte roimh bualadh isteach agus cairde nua a dhéanamh. |
Bailte Slachtmhara |
Beidh Coiste a chur le chéile go luath chun féachaint in ndiaidh glaineacht na timpeallachta agus na bóithre. Ba dheas an áit a mhaisiú suas beagán agus cur isteach ar chomórtas na mBailte Slachtmhara don bhliain 2010. Má tá fonn ort cabhrú sa iarracht glaoigh orainn san oifig ar 046 9432068 |
Damhsa Gaelacha |
Tá Áine O’Shea sásta ranganna Damhsa Gaelach dh-theangach in Áras Pobail Rath Chairn má bhíonn tóir air. Tá súil aice na ranganna a chur ar bun ar an Luan idir 3.15in agus 4.30in. Bíonn ranganna ar siúl san Uaimh aice gach Satharn. Breis eolais 046 9430968 |
Bailte Slachtmhara |
Beidh Coiste a chur le chéile go luath chun féachaint in ndiaidh glaineacht na timpeallachta agus na bóithre. Ba dheas an áit a mhaisiú suas beagán agus cur isteach ar chomórtas na mBailte Slachtmhara don bhliain 2010. Má tá fonn ort cabhrú sa iarracht glaoigh orainn san oifig ar 046 9432068
|
Club Aosach |
Is é Déardaoin lá na naosach sa Chlub Surf idir 10-12 meán lae. Tá míle fáilte romhat bualadh isteach agus píosa comhrá a dhéanamh is tú ag baint sásamh as cupán tae nó caife.
|
75 Bliain ag Fás |
San Aibreán 2010 beidh muintir Ráth Chairn seachtó cúig bliain i gContae na Mí. An bhfuil aon smaointe agat cén chaoi arbh cheart comóradh a dhéanamh ar an ócháid stairiúil agus omós a thaispeaint do na daoine a rinne an t-aistriú seo trasna na tire.
|
Damhsa ar an Sean-Nós |
Damhsa ar an Sean-Nós do dhaoine óga gach Déardaoin 6.30-7.30. Rang do dhaoine fásta Déardaoin 8.30in Tuilleadh eolais ó Bhrídóg 087 623 7900
|
Teach le Díol |
Teach le díol i lár na Gaeltachta. Teach dhá stór, le chúig sheomra codlata. Tuilleadh eolais www.raymondpotterton.com Teach le díol i Laimbé le cheithre sheomra codlata, i nGaeltacht Ráth Chairn, tuilleadh eolais: Pól Ó Gruagáin 086 2695 793
|
Suíomh Tí |
Tá cupla suíomh tí ar díol faoi láthair ag Comharchumann Ráth Chairn. Tá siad seo dírithe ar dhaoine ar mhaith aistirú isteach go Ráth Chairn nó daoine de bhunú na Gaeltachta ar mhian leo leanacht ar aghaidh ina gcónaí i Ráth Chairn. Más spéis leat ceann de na suíomhanna seo faigh i dteagmháil linn san oifig ar 046 9432068 nó rathcairn@eircom.net
|
Pointe Nua Athchúrsála
Tá na gabhdán athchúrsála lonnaithe ag cúl an Áras Pobal anois.
|