If you would like to subscribe to receive An Geaitín please subscribe on main page.

Bádan Feasa
Gaeltacht Ráth Cairn

Méan Fómhair , 2007 An Geaitín

Nabac

Nábac

Grúpa óg bríomhar ó thimpeall na tíre le meascán de cheoil traidisiúnta agus amhránaíocht. Ag taisteal na tíre faoi láthair agus ag teacht go Ráth Chairn ar an 22ú Meán Fómhair ó 10in. Oíche taitneamhach, bríomhar geallta! Bí ann le fonn!

Ceol sa Bradán Feasa

Meán Fómhair

Satharn 15ú
Éanna Ó Cróinín & cáirde

Satharn 22ú
Nábac

Satharn 29ú
Éamonn Mac Donncha agus Mícheál Ó Súilleabháin

Deireadh Fómhair

Satharn 6ú
Fainic

Aoine 12ú – Satharn 14ú
Éigse Dharach Uí Chatháin

Satharn 20ú
Kane O Rourke

Satharn 27ú
Rory Summers

forward

 

Glór na nGael

Tá Glór na nGael tar éis Difhibrileoir (Defibrillator) a bhronnadh ar Phobal Ráth Chairn.
Is gléas fíor thábhachtacht é an Dífhibrileoir don phobal agus mar sin tá ochtar as an gceantar tar éis traenáil, a dhéanamh faoi stiúir an Chomhlachta “Pulse Medical Limited” chun an gléas a úsáid.  Beidh an Dífhibrileoir fágtha taobh istigh de phríomh dhoras an Chomharchumainn.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leo i gcás éigeandála, ar na h-uimhreacha thíos.

Gearóid Breathnach
087 79 39 920
Seáinín  Mac Donncha
086 31 20 055
Máirín Ní Churraoin
086 39 19 221
Anna Seoighe
087 66 58 901
Úna Ní Chonaire
086 06 82 014
Bairbre Ní Loideáin
046 9432722 ( 9am-3.30pm)
Caitlín Uí Mhéalóid
086 10 76 591
Áine Ní Dhonnchadha
086 19 24 812


Ógras Bhriain Uí Bhroin

Beidh clárú do Club Óige Ógras Bhriain Uí Bhroin ar siúl ar an gCéadaoin 26ú Meán Fómhair san Áras Pobail idir 6in agus 7in. Tosnóidh an chéad sheisiún ar an gCéadaoin 3ú Deireadh Fómhair. Ar an oíche cláraithe pléifear coiste nua le tuismitheoirí / caomhnóirí agus róta don bhliain atá romhainn. Chomh maith le sin beidh an táille de €25 an pháiste le híoc ar an oíche freisin. Má tá tú ag iarradh do pháistí a chur go dtí Ógras don bhliain atá ag teacht, tá sé riachtanach clárú a dhéanamh ar an 26ú roimh a thosnaíonn an Club i mí Deireadh Fómhair de bharr cúrsaí árachais. Tuilleadh eolais ó Ghearóid ag 943 2067 nó 086 82645721 nó mfgnami@gmail.com.

Page 2

img